Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 12:9

An Bíobla Naofa 1981

Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.

Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.

Ansin fuair Ibzeán bás agus adhlacadh é i mBeithil.

Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.

Ina dhiaidhsean bhí Ibzeán ó Bheithil ina bhreitheamh in Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí