Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 12:4

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: “Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”

Ach chrom Iúdá ar ghearán: “Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.”

Bhí clann Eafráim gléasta leis an mbogha ach thugadar dá mboinn é lá an chatha.

Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.

Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach.

Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!”

Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m'anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?”

Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,”

D'fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví - cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí