Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 12:3

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m'anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”

Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis!

Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaí ach ní dhearmadaim do dhlí.

a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.

Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.

Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”

D'fhreagair Iaftá iad: “Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha.

Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: “Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!”

throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;

Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”

Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí