Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 11:8

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

Maithigí dom mo pheaca mar sin, den turas seo amháin, le bhur dtoil agus impígí ar an Tiarna, bhur nDia, an phlá bháis seo a chur díom.”

“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”

Ansin dúirt na daoine, ceannairí Ghileád, le chéile: “Cé chuirfidh ceann ar an gcath in aghaidh na nAmónach? Bíodh seisean i gceannas ar an muintir go léir atá ag cur fúthu i nGileád.”

D'fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: “Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí