Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: “Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m'athar amach mé? Cad a b'áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?”
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.