Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 11:5

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.

Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.

Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.

Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.

Dúradar le Iaftá: “Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.”

Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.

Dúirt na daoine le Samúéil ansin: “Cé a dúirt ‘An mbeidh Sól ina rí orainn?’ Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí