Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 11:3

An Bíobla Naofa 1981

Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.

Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.

Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d'fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail

Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d'fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: “Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n‑athar, mar is mac mná deoranta thú.”

Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é.

Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta.

Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d'imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí