Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 11:2

An Bíobla Naofa 1981

Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d'fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: “Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n‑athar, mar is mac mná deoranta thú.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.

Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.”

Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;

Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú, agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná?

[Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,] óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo agus is míne a beola ná ola.

Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.”

Ná téadh bastard i dTionól an Tiarna; ná téadh duine dá shliocht go dtí an deichiú glúin i dTionól an Tiarna.

Gaiscíoch tréan a ba ea Iaftá an Gileádach, ach ba mhac striapaí é. Ba é Gileád athair Iaftá.

Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí