Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: ‘Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.’
Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael.