Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 11:16

An Bíobla Naofa 1981

ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár.

Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.

(Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.”

An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.

Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d'fhonn go bhfaighimís bás anseo - sinn féin agus ár n‑eallach?

Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.’

Is iomaí sin lá, is iomaí sin, a d'fhan sibh i gCáidéis.

Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

leis an bhfreagra: “Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí