Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 10:6

An Bíobla Naofa 1981

Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.

D'éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach.

Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.

Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.

Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.

Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.

d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.

Thug siad fónamh d'íola na náisiún, gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.

Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: “Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.”

Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.

Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.

Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d'earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní.

“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,

Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.

Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’

[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.

Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.

D'eag Iáír agus cuireadh é i gCámón.

Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.

Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.

Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar: “Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.”

Rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, go ndearnadar fónamh do na Bálaím agus do na hAiseárót.

Nuair a d'éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.

Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; thug an Tiarna ar láimh iad do Mhidián ar feadh seacht mbliana.

Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.

Thugadar leo áirc Dé agus d'iompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí