Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 10:10

An Bíobla Naofa 1981

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i d'aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar, agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’

Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.

Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.

Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”

Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí