Tar éis Aibímeilic, d'éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim.
Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.