Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:34

An Bíobla Naofa 1981

Thiomáin na hAmóraigh clann Dhán ar gcúl chun na n‑ardán agus ní ligfidís dóibh teacht anuas ar na hísleáin.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.

Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b'éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh.

Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad.

San am sin ní raibh aon rí in Iosrael. Agus san am sin bhí treibh Dhán ag lorg dúiche oidhreachta le cónaí ann, mar go dtí sin ní raibh aon tailte oidhreachta faighte acu i measc treibheanna Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí