Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:3

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “Chuala an Tiarna go raibh faillí á déanamh orm, agus thug sé an mac seo dom chomh maith”; agus thug sí Simeon air.

Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa.

Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.

ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,

Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair.

D'fhreagair an Tiarna: “Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.”

Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí