Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:23

An Bíobla Naofa 1981

Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh - Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin.

Tháinig Iacób go Lúz - Béitéil is é sin - i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.

Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm

An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,

chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót.

Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.

Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.

Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.

Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: “Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!” Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí