Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,
Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.
Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”
agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”