Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:16

An Bíobla Naofa 1981

Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac.

clann na scríobhaithe a bhí ag cur fúthu i Iabaez, na Tiorátaigh, Simeátaigh, Súcátaigh. Sin iad na Ceinigh a tháinig ó Hamat; a sliochtsan teaghlach Réacáb.

Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.

Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d'Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt.

Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.

Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d'imigh seisean leis chun a dhúiche féin.

Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.

Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.

D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”

“Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.”

Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D'ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach.

Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.

Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”

rí Hormá, duine; rí Arád, duine;

Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz,

“Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,” ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.

Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.

Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis.

Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.

Agus dúirt Sól leis na Céinigh: “Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.” Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.

D'fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D'fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.”

do mhuintir Rácál, don mhuintir i gcathracha Iarachmael, don mhuintir i gcathracha na gCéineach,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí