Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Cálaeb: “An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m'iníon mar bhean dó.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn, is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n‑iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.

Ghabh sé suas as sin in aghaidh lucht áitribh Dheibír, ar a dtugtaí Ciriat Saefar tráth.

Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír - Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.

Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.

Dúirt fir Iosrael: “An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.”

Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí