Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Breithiúna 1:10

An Bíobla Naofa 1981

Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

agus d'éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh.

“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.

Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!

Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt).

Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”

Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. D'ionsaíodar í,

Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.

Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí