Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d'ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;
bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí, a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar. Ach nuair a éiríonn an ghrian, imíonn siad as radharc agus ní bhíonn a fhios ag aon duine cá mbíonn siad.