Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 9:18

An Bíobla Naofa 1981

Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

“Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.

Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.

Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.

Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.

Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.

Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.

Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.

Óir tá cumhacht na n‑each ina mbéal agus ina n‑eireaball. Tá a n‑eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí