Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 8:10

An Bíobla Naofa 1981

Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

bheartaigh sé féin agus a thaoisigh agus a churaidh na foinsí uisce a bhí lasmuigh den chathair a stopadh; chabhraigh oifigigh an airm leis,

Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe.

Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!

Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,” a deir Tiarna na Slua, “go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.

Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.

Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.

tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.

Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.

Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.

Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”

Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh.

agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.

Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.

Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.

Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.

Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.

Ansin chuaigh trí mhíle d'fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: “Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?” Dúirt sé leo: “Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí