Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.
Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.
Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.