Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 7:4

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”

Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.

Tiocfaidh an lucht oibre cathrach seo ó gach treibh in Iosrael á shaothrú.

beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael.

Oracal. Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác, agus tá foslongfort aige sa Damaisc, - mar is leis an Tiarna cathracha uile Arám faoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.

Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’

ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.

Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll,

Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh.

Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.

Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.

Cuireadh an séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá, ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen, ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,

Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua - chuala mé a líon - dhá oiread deich míle de dheich míle fear.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí