Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn, is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé. Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé, faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.
Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.
is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.
Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”
ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géarleanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach.
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.
Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”