Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 7:10

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!”

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d'ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.

Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan, is é a ndídean é in am na trioblóide.

Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.

Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.

Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.

Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.

Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

Go n‑éirí lucht adhartha íol gan éifeacht as a mbaothdhílseacht dóibh.

Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”

Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”

Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.

Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia.

Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.

Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá: “Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”

Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é,

Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.

Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí