Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 6:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”

Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá: “Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.

Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d'oíche ach ag rá:

Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;

Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”

Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.

Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.”

Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.

Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”

Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí