Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.
“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”
Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”
Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n‑adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis - urnaithe na naomh is é sin.
Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,
Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”