Apacailipsis (Taispeántadh) 4:4An Bíobla Naofa 1981Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann. Féach an chaibidil |
Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá: