Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 4:2

An Bíobla Naofa 1981

Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.

Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.

An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:

Is ríchathaoir ghlórmhar, suite in airde ó thosach, áit ár sanctóra.

Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.

An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.

D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.

Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid:

Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,

Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,

Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach.

Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.

Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: “Amen. Alleluia.”

Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.

Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia,

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”

An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.

Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:

Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.

“Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”

Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;

Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”

agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí