Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.
“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.
Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.
Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!
Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.
Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.
Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.