Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 22:2

An Bíobla Naofa 1981

Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.

Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.

Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”

Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].

Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.

Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).

Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.

“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”

Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.

Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.

Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.

Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.

Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí