Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 21:7

An Bíobla Naofa 1981

An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”

Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna.

Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.

Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.

Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh.

Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.”

Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.

Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad.

Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.

Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”

Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.”

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”

ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”

Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.

Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí