Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 21:27

An Bíobla Naofa 1981

Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.

Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”

Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.

Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.

Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.

Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.

Cuireadh Miriám ar leithrigh dá bhrí sin amach ón gcampa ar feadh seacht lá agus níor chuir an pobal chun bealaigh gur tugadh Miriám isteach arís.

Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.”

Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,

agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite -

Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.

agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;

Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n‑oibreacha.

Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí