Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 21:10

An Bíobla Naofa 1981

Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia,

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.

“Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b'fhéidir gurb amhlaidh a d'ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.”

Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail.

Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,

Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.

Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.

Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d'ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach.

Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne

Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,

ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.

Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.

An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.

Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí