Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d'alp iad.
Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. B'shiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. “Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?” arsa a shearbhónta.
Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n‑aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair.
Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis.
Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.
Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.
Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d'adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa.
Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”
Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat.
Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.