Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 20:3

An Bíobla Naofa 1981

agus chaith sé é don duibheagán, agus d'iaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é scaoileadh ar feadh tamaillín.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Óir níl míle bliain i d'fhianaise ach mar an lá a d'imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche.

óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.

D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.

Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu.

Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.

Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.

An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.

Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.

Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”

“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.

Ansin chonaic mé an t‑aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí