Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 2:2

An Bíobla Naofa 1981

Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.

Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t‑olc!’

Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.

Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.

Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.

Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith

Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”

Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.

A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.

Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.

Ach tá seo i d'fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis.

Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.

Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú!

Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí