“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Nuair a rachaidh siad isteach geataí na cúirte inmheánaí gléasfaidh siad in éide lín; ní bheidh aon olann orthu ag freastal dóibh ag geataí na cúirte inmheánaí agus istigh.
Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”
agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.