Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 19:7

An Bíobla Naofa 1981

Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas, agus cuirtear an uile urchóid ina tost.

Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;

Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim, Solamh rí gona mhionn rí a chuir a mháthair air lá a phósta, lá áthais a chroí.

Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.

Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.

Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!

Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.

agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n‑osclóidh siad láithreach dó.

An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.

mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp.

Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.

Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.

Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”

Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.

Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d'agaill sé mé á rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.”

Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí