Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé.
Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n‑éadan
chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”
Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n‑oibreacha.
Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;