Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 19:20

An Bíobla Naofa 1981

Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.

Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.

Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.

Beidh srutháin thír Eadóm arna n‑iompú ina bpic agus a créafóg ina cloch ruibhe; tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin.

Glac togha an tréada, coinnigh connadh ina mholl fúithi. Tabhair ar an bpota fiuchadh leis ionas go mbruithfear na cnámha féin.

Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis.

“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’

ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.

ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.

Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh.

Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.

Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d'oíche ar feadh na síoraíochta.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.

Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí