Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 18:4

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.

Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.

Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!

Éalaígí amach as an mBablóin, gabhaigí amach as críoch na gCaildéach. Imígí! Gníomhaigí mar na gabhair fhireanna; bígí i gceann na dtréad.

A phobal liom, imígí amach aisti; saoradh gach duine agaibh a anam féin ó fhearg dhíscir an Tiarna

Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh, imígí romhaibh, ná fanaigí ansin. Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin, agus tagadh Iarúsailéim in bhur n‑intinn.

Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.

‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.

ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n‑aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’

Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.

Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh tú féin saor ó locht.

Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí