Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 18:13

An Bíobla Naofa 1981

ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.

seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre.

agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana.

Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,

Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí.

Dúirt mé leo: “Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b'fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!” Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu.

An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis.

Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal mar chumhráin ar mo leaba.

Is maith é cumhracht d'ola, ola dhoirte d'ainm a d'fhág na cailíní i ngean leat.

Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí?

D'éiríos féin go n‑osclóinn do mo ghrá. Bhain miorr fliuch le mo láimh, fíormhiorr le mo mhéar, ó bhacán an ghlais.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,

a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.

go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t‑ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?

Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.

Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.”

do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.

“Tá fómhar mór mhiangas d'anama éalaithe uait. Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.”

Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí