Apacailipsis (Taispeántadh) 17:4An Bíobla Naofa 1981Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d'uafáis agus de shalachair a striapachais. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.
Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.