Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d'fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.
Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.
Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;