Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 17:10

An Bíobla Naofa 1981

agus seachtar ríthe leis; tá cúigear díobhsan tite, tá duine díobh faoi réim, agus duine eile gan teacht fós; nuair a thiocfaidh sé, ní mór an mhoill a bheidh air.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:

Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”

Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.

Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.

Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t‑ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta.

Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí