Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 16:7

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.

Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.

Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d'imigh amach.

“Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.

“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”

ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.

Agus an t‑aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar á rá: “Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.”

Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”

Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí