Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 16:4

An Bíobla Naofa 1981

Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

nuair a rinne sé fuil dá n‑aibhneacha ionas nach bhféadfaidís an t‑uisce a ól.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do lámh agus an tslat inti os cionn na n‑aibhneacha, os cionn na gcanálacha agus os cionn na linnte agus tabhair froganna thar chríocha na hÉigipte.’ ”

Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.

Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)

Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.

Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”

Agus chuala mé aingeal na n‑uiscí á rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí